Ní minic a fhaighimid conspóid maidir leis an nGaeilge sa tír seo. Tharla an eachtra neamhghnách le déanaí, áfach, nuair a chuir Seanadóir Clifford Lee i gcoinne forbairt tithíochta i lár Gaeltacht Phórt Lairge.

Bunaithe i mBaile Atha Cliath, ach le gaolta sa Déise, labhair sí in éadan an mholta, ag tagairt ar chúiseanna cultúrtha. Dar léi níl aon chinnteacht ann go mbeidh go leor Gaeilgeoirí sa cheanntar nua, rud a chuirfí an Ghaeltacht i mbaol. Molta ag Shine Bright Ltd, tá an comhlacht tithíochta ag lorg 46 teach nua sa Ghaeltacht bheag.

Suite siar ó dheas ó bhaile Dhún Garbhán is í an Ghaeltacht is lú le 400 cainteoirí laethúla san iomlán.

Ag cosaint a socrú, deir an seanadóir gur dhiúltaigh sí leis na pleananna mar go bhfuil éiginnteacht áirithe faoi na cosaintí don phobal áitiúil. An t-aon Ghaeltacht nach bhfuil ag laghdú de réir an daonáirimh dheireanaigh, tá tionchar diúltach ag forbairtí mar seo.

B’fhéidir gur cuimhin leat an seanadóir óna fothoghchán tubaisteach nuair a thug na meáin faoi deara a sean-tvuiteanna faoin lucht siúil. Ag glacadh post nua sa Seanad, choinnigh sí chuici féin go dtí seo.

San iarthar. Ag fulaignt ó slua isteach de Bhéarlóirí ag éalú na cathrach i nGaillimh. Cúpla bliain ó shin cuireadh comhairleoir i gcomparáid le Slobodan Milošević nuair a dhiúltaigh sé pleananna don fhorbairt den chineál céanna i nGaillimh.

Tá fadbh mhór san fhaisean faoi láthair faoi bheith ag fearadh fáilte roimh dhaoine ón taobh amuigh chuig an nGaeltacht. Ar thaobh amháin aontaíonn sochaí nua-aimseartha le caoinfhulaingt agus teorainneacha oscailte. Ar an taobh eile, tuigeann daoine nach mairfidh an Ghaeltacht thraidisiúnta le Béarlóirí ina gcónaí innti.

Thosaigh an seanadóir díospóireacht i measc na heite clé faoin ábhar. Glacann an eite chlé le féiniúlacht na hÉireann ar chúiseanna frith-choilíneacha. Mar sin féin mhothaigh cúpla gníomhaí sórt míchompordach faoi mhuintir na háite ag cosaint a gcuid críche.

Cúpla bliain ó shin scríobh an t-iriseoir Eoin Ó Murchú in aghaidh ‘teorainneacha oscailte’. I rith an phlé le deanaí rinne an gníomhaí díbhirceach Kerron Ó Luain gearrán i gcoinne duine den eite chlé ag fáiltiú roimh an gcinneadh pleanála. Tá an eite chlé idir dhá aigne, gan amhras.

Dar liomsa is tarlú an-íorónta é mar go gcreideann an seanadóir i bpolasaí inimirce gan smacht ar fud na tíre. An aontódh sí le muintir na háite i bhFionnghlas ag cur stad le hinimirce ón gcoigcríoch?

Anuraidh bhí sraith agóidí in aghaidh na hinimirce i bhFionnghlas. An rachadh Lorraine Clifford Lee i bpáirt leo an dóigh leatsa?

An rud is annamh is iontach. Is fuath liom Fianna Fáil agus Gaeilgeoirí cumannacha ach tá ardmheas agam don té, ar an eite dheas nó an eite chlé, a seasann ar son na teanga.

B’fhéidir go bhféadfadh an argóint chéanna a bheith i bhfeidhm maidir le hinimirce. Níl todhchaí ag an nGaeltacht gan teorainneacha, ná ag Éirinn ach an oiread.

Posted by Ciaran Brennan

3 Comments

  1. Alt bréa mar is gnáth. Ceapaim go bhfuil an ceart ag Seanadóir Clifford Lee.

    Reply

  2. Would you translate to Bearla , mais e do thoil e . Go raibh maith agat .

    Reply

  3. Tá an leagan Gaeilge níos fearr.

    Ba chóir go mbeadh níos mó limistéar teanga Éireannach timpeall na hÉireann.

    tá an teanga Éireannach go hálainn.

    Reply

Leave a reply

Your email address will not be published.