Beagnach ceithre scór bliain ó shin, i 1943 ar Lá Fhéile Phádraig, chraol Raidió Éireann an óráid iomráitach úd ‘I dTaobh Teanga agus An Náisiúin Éireannaigh’ (On Language and the Irish Nation). Ba é ó Thaoiseach na linne, Éamon de Valera, agus leag sé amach an fhís a bhí aige do thír ‘uasal’, a bheadh mar eiseamláir sonais, beogachta, agus sprioradáltachta i measc eirligh, anáis, agus barbarthachta an Dara Chogaidh Dhomhanda.

Thar aon rud eile chuir sé ina luí ar mhuintir na tíre an easnamh a bhain le sochaí atá bunaithe ar luachanna nó nithe corpartha an tsaoil. Chaithfeadh náisiún an paraidím ábharaíoch – tógtha le táirgí, saibhreas, agus rathúnas – a shárú ar son tóraíocht achmainní dhobhraite an mheoin agus an spioraid! 

Mhaígh de Valera gurb é sa réimse seo a dhéantar idirdhealú ar náisiún – sé sin muintir chomhchoiteann aontaithe – maidir leis na gcreideamh, ndearcthaí, mbunphrionsabal, agus modhanna thuisceanna a stiúrann a gcuid gníomhartha, caidreamh, agus bealaí a bhaintear ciall as an domhain.

Agus b’í an Ghaeilge a thug sé tús áite di mar chrann taca agus phríomhtháscaire cúlturtha na hÉireann. Cuireadh síos ar theanga dhúchasach ársa an oileáin seo mar chuid dár n-intinn agus nádúr féin, agus chun scaradh léi bheadh muid ag scaradh le cuid dínn féin! Dá mbeadh an teanga caillte againn, ní bheadh ionainn ach ‘leath-náisiún’ agus dream easnamhach. 

Sa ré iar-nua-aoiseach seo ina bhfuileamar sáinnithe, tá gangaid rábach an liobrálachais agus na bhfórsaí dhomhandaithe ag creimeadh croílár spioradálta an tsaoil, agus tá chuile rian dár bhflaitheas agus dár gcomhfhios náisiúnta á scriosadh trí fhorlámhas na holagarcachta trasnáisiúnta agus an aonchineálú cúlturtha a théann leis.

Tá muid i mbun chogaidh ag streachailt i láithreacha catha iomadúil in aghaidh ginmhillteoirí, an phobail cham, ainchreidmheachta, oll-inimirce, agus a leithéid. Níl aon amhras ann gur dea-chúiseanna atá i gcur i gcoinne na ndúshlán seo uilig, ach i bhfianaise meath shibhialtacht thromchúiseach an Iarthair is mithid dúinn meabhrú go tréan ar cad a bhí le rá ag de Valera i leith na Gaeilge.

I measc chuile rud tá neamhaird déanta againn ar chaomhnú agus athshealbhú ár dteanga dúchasaí, croílár ár gcuid féiniúlachta. Ní hamháin go bhfuil imeallú agus meath fad-téarmach na Gaeilge ag leanúint ar aghaidh gan stad, ach tá an eite chlé i mbun na hiarsmaí sin den Ghaeilge atá fós beo i measc na sochaithe a ghabháil agus a láimhseáil mar uirlis troda i dtreo lagmhisneach a chur ar thírghráthóirí na hÉireann. 

Is léir seo ón lobhadh liobrálach atá ag teacht ar na meáin Ghaeilge, agus saobhadh an chraoltóir teilifíse TG4 soiléir do chách anois. Tá sé le sonrú trí sheifteanna ar nós cur chun cinn an Yuppie tútach Ciara Ní hÉ mar ambasadóir teanga – an bhean chéanna a chum na línte filíochta cuibhiúila úd, “Tóg an nod, níl mé ag iarraidh do bhod!” Bean ghalánta amach is amach de réir dealraimh! Is má thugtar spléachadh ar na cláireacha atá á gcraoladh acu tá sé le haithint go bhfuil urraim á dtabhairt do shacraimintí an eite chlé trí shaothair ar nós Tras, clár faisnéise a leanann lánúin thrasghnéasach a tháinig amach le déanaí, agus eagrán ar leith den sraith faiséise Finné i 2019, inar tugadh léargas báúil ar scéal mná [Amy Dunne] cé a ghinmill a páiste. 

Tá gnéithe thruaillitheacha dhíobhálacha scaipthe ar fud an éiceachórais Ghaeilge, agus seanreacht na nGaeilgeiorí traidisiúnta ag titim as a chéile. Beagnach trí bhliain ó shin, trí iarrachtaí Aontas na Mac Léinn Éire agus lucht gníomhaithe, seoladh ‘Foclóir Aiteach’ ar son ‘an phobail aibitíre’ in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le tacaíocht ón rialtas.

Agus faoi scáil George Floyd agus gluaiseacht ‘BLM’ tá bealach déanta ag teoiric na critice ciníche isteach sa teanga faoi choimirce an iris Nós tríd an bhfíseán ‘Gruaig na mBan Dubh’ a bhronn siad ar an bpobal i gcóir na Nollag. Caoineadh atá ann ina gcuirtear bean Afraiceach Wuraola Majekodunmi (níor tháining an sloinne as Gaeltacht Ghaoth Dóbhair ar aon chaoi) ós ár gcomhair ag ámhránaíocht faoi chruachás na mban dubh i sochaí Eorpach mar Éire agus an brú a airítear stíl gruaige na mná gile a chaiteamh agus an catachán a shéanadh. 

Anois, níl anseo luaite ach sracfhéachaint ar fhíniú na Gaeilge ag na fórsaí iasachta osnádúrtha céanna atá dírithe ar scriosadh chuile rian den ord Críostaí agus ord náisiúnach ar fud an domhain. Ba cheart don léargas seo daoine a mhúscailt i leith tábhacht agus naofacht na teanga agus an bunriachtanacht a bhaineann lena haisghabháil.

Tá croílár ár bhféiniúlachta, ár anam mar mhuintir, á dtruailliú agus á n-úsáid ag réimeas gallda spioradálta chun ár meanma a dhorchú, cos a chur ar bholg na nGael, agus ionghábháil na tíre ag an ord domhanda nua a chur in iúl. Aon tírghráthóir atá gean agus gnaoi acu do stair, tradisiúin, agus muintir an oileáin seo, tuigfdh siad nach bhfuil aon dul as ach seilbh a fháil ar ais ar an nGaeilge ón namhaid agus pobal teanga náisiúnach a fhorbairt.

I dteannta ár gcreideamh sa Tiarna Íosa Chríost, a bronnadh orainn trí Naomh Pádraig, feidhmeoidh ár dteanga ársa dhúchasach mar bhuncloch dhaingean chun ár sainiúlachta iomláine mar mhuintir ar leith a aithint agus a fhorbairt i dtreo sochaí na tíre a athnuachán. Más í Caitleachas anam na tíre, is í an Ghaeilge fuil na hanama.

Ní thuigeann na Gaeilgeoirí corportha liobrálacha gur comharbaí neamhdhlisteanacha iad ó thaobh oidhreacht na Gaeilge de. Ó nádúr is ní dhothadhaill í an teanga dhúchasach a fheidhmíonn mar chomhfhios comhchoiteann i measc dream ar leith ó aois go haois, a chruthaíonn nasc dofheicthe idir na glúnta agus a sheachadann meon, tuiscintí, agus gaois iad siúd atá imithe romhainn. Araon leis an anam síoraí ina leantar ar aghaidh i ndiaidh bhás an choirp, maireann gnéithe dár seansinsir inár dteanga dúchasach, sé sin le rá feidhmíonn an Ghaeilge mar árthach naofa a chaomhaíonn daonnacht muintir stairiúil na tíre.

Sa Chaitleachas tá ceangal gníomhach againn leis na marbh trí a bheith ag urnaí i gcóir idirghuí na Naomh nó ar son shuaimhneas na marbh atá imithe ar shlí na fírinne. Is trí an Ghaeilge tá nasc cumarasáide beo againn ina bhfuil ár réamhtheachtairí seanda ábalta iad féin a chur in iúl dúinn, muid a theagasc, agus a saíocht a roinnt linn. Mar sin aontaíonn an Ghaeilge muintir na tíre seo beo agus marbh ar bhonn tarchéimnitheach thar spás agus ama. 

Le seo tugtar brí níos doimhne agus níos fealsúnaí do na línte clúiteacha sin a d’fhógair an Piarsach fadó:

“Tír gan Teanga, Tír gan Anam.”

Aithnítear go forleathan bunéirim an sean-nath seo ar ndóigh, sé sin go bhfuil an teanga mar chroílár de shainiúlacht muintire. Agus mar atá léirithe thuas níl aon amhras faoi sin, ach tá níos mó ná brí mheafarach ag baint le cad a dúirt Mac Piarais i leith ríthábhacht na Gaeilge dár dtír. Ní thuigtear don iomad duine go raibh sé ag caint de réir bhunbhrí an fhocail chomh maith. Go deimhin, scríobh sé go raibh dlúthcheangal níos fearr ar bhun spioradálta ag an nGaeilgeoir dhúchasach le stair na hÉireann ná cuid eile de dhaonra na tíre – “the native Irish speaker of Iveragh or Erris is more in touch with the spiritual past of Ireland than your [sic. English speaking] Wexfordman or Kildareman . . .” (‘The Psychology of a Volunteer’, 1914).

Is fiú a léiriú freisin gur dhearbhaítear dearcadh an Phiarsaigh i leith na Gaeilge ó ghuthanna Caitliceacha sa tír ar nós an sagairt iomráitigh An tAthair Denis Fahey, diagaire agus gníomhaí polaitiúil a bhí go mór chun tosaigh sa chéad leath den 20ú haois. Bhí sé fíor-cheanúil ar an nGaeilge agus ar aon leis an bPiarsach dheimhnigh sé go raibh an Ghaeilge mar lárchuid d’anam na hÉireann. D’áirigh an tAthair Fahey go ndéantar díobháil do shaol spioradálta an phobail nuair a chuirtear teanga choimhthíoch i gcion orthu fiú más dá shochaí Chaitliceach atá i gceist; agus leantar as sin gur is mó aimhleasa do mhuintir na hÉireann go mbeadh an Béarla – fabhraithe trí chruinneshamhail an Phrotastúnachais – caite anuas orthu: 

“When a particular form of civilisation has been molded by and impregnated with the supernatural, the uprooting of that civilisation and, in particular, the forcing of another language on the people cannot be carried out without injury to the supernatural life of the country, even where both the civilisations have been moulded by the Catholic Church. The result is more regrettable still, if the language expressive of the new civilisation as well as its habits and customs, bear the impress of centuries of Protestantism. From this point of view, the Irish people have suffered severely” (lth. 142, The Mystical Body of Christ in the Modern World, 1939).

De réir an dhearcaidh seo thuas luaite, ní haon ionadh anois é go bhfuil an Caitleachas imithe in éag in Éirinn, cé gur tír í a bhí sainithe agus aitheanta ó thaobh a cuid cráifeachta de. Ar ndóigh tá cúiseanna do-áirithe eile ann i dtaobh séanadh creidimh sa tír, ach bheadh sé faillitheach gan aird a thabhairt ar an drochthionchar a bhí ag creimeadh na Gaeilge ar mheath an Chreidimh san oileán.

Tar éis géilleadh don Bhéarla agus nósanna na Sasanach, ghlac muid le meon coilíneach sa chaoi go d’fhéadfadh cumhachtaí eachtrannacha eile in ann teacht i dtír orainn agus ár sochaí a athnmhúnlú. Táimid anois faoi bhraighdeanas ídé-eolaíocht gallda an nua-liobrálachais (atá ag déanamh obair an diabhail chun muintir na tíre a tharraingt ó Dhia), an nuálaíocht Angla-Shacsanach sin atá ina shliocht mallaithe ag Ré na hEagnaíochta agus na smaointeoirí Sasanacha Protastúnacha ar nós Hobbes agus Locke cé a chur leis.

Sa chóras caipitlíoch nua-liobrálach ina mhaireann muid cuirtear luach le cad is féidir a thráchtalú, a cheannacht, agus a dhíol. Tá an meon dírithe ar charnadh nithe an tsaoil i dteannta saibhris; agus thar aon am eile tá sé furasta go leor d’anam a dhíol ach fós féin ní féidir ceann a cheannacht. Is amhlaidh atá sé nach mbíonn oidhreacht le soláthrú agus ceannacht cé go bhfuil sé éasca í a dhíol (in ionad shaol an chosmapolaiteacha). Maidir lenár dteanga féin, forbraithe thar na cianta, saibhrithe ag ár sinsir, agus fréamhaithe i bhfód na tíre níl táirge mar í le fáil ar an margadh. Agus gan í beidh ár muintir i gcónaí leochaileach in aghaidh fhórsaí dhíobhálacha sheachtracha.

Dá thairbhe sin ba cheart go mbeadh sé soiléir gur saghas ionadchoinneálaí d’anam na tíre í an Ghaeilge. Is móide anois an chiall a ghabann leis na focail chlúiteacha “Níl i muintir gan a dteanga féin ach leath-náisiún [A people without a language is only half a nation]” a d’fhógair Tomás Dáibhis, mór-phearsa de chuid gluaisceacht na nÉireannach Óg, siar sa 19ú haois. Dar leis an nDáibhíseach bhí teanga na tíre riachtanach chun spiorad muintire a chur in iúl agus leis sin bhain tábhacht thar na bearta léi sa chaoi gur áitigh sé, “The institutions and customs of a nation are of no value, whatever, save as the language of the spirit beneath” (The Nation, 18ú Márta 1848). 

I bhfianaise gach a bhfuil áitithe go dtí seo ní foláir léargas follasach a thabhairt ar an saibhreas spioradálta a bhaineann leis an nGaeilge i dtaobh a chomhdhéanaimh féin, maidir lena stór focail agus nathanna cainte bunúsacha, chun cur ina luí an dlúthnasc atá aici le nádúr diaga an tsaoil.

Ar dtús báire is fiú aird a dhíriú ar thionchar na Críostaíochta ar bhéasaíocht shóisialta phobal na Gaeilge. Thar aon ní eile tá sé seo le sonrú go tréan tríd an nósmhaireacht ‘Dia dhuit’ a bheannú orthu siúd a chastar le, agus an freagra ‘Dia is Muire dhuit’ a thugtar ar ais air.

Tá sé seo chomh neadaithe sa teanga nach bhfuil mórán dul as ach Dia a lua agus beannacht a bhronnadh nuair a chuirtear fáilte roimh dhuine, agus  tuigtear go coitianta i measc Gaeilgeoirí nach bhfuil aon ionad nádúrtha nó cuíosach ann dó – chomh mór sin is go bhfuil an iomad alt ar an idirlíon ó pháganaigh ag gearáin faoi eisiachas na teanga mar gheall ar a n-iarrachtaí gan tairbhe chun “aon scéal” nó “bhuel” agus a leithéid a chaitheamh isteach ina n-áit. 

I ngan fhios dúinn féin tá neart nathanna cainte eile a n-úsáidtear idir Ghaeilgeiorí a aithníonn láithreacht Dé ar nós ‘Le cúnamh Dé’ – mar dhíol dóchais nuair a thugtar aghaidh ar an todchaí agus nuair a ghlactar nach bhfuil neart iomlán againn ar an saol – agus ‘Dia linn’ má dhéantar sníofairt. Feictear freisin i leith comhbhróin a thabhairt go bhfuil sé fós fíor-choiteanta “ar dheis Dé go raibh a anam dílis” a rá sa Bhéarla fiú, sa chaoi go mbíonn de nós ag go leor polaiteoirí, RTÉ, agus na meáin go ginearálta é a lua. Cé gur féidir na frásaí seo a sheachaint tá siad chomh fréamhaithe sa Ghaeilge ní thugtar faoi deara iad agus ní chuirtear as do mhórchuid liobrálaithe iad a rá seachas na radacaithe mairgeacha mar a fhaightear san iris Nós. 

Ó thaobh focal bunúsach mar laethanta na seachtaine tá lorg na Críostaíochta le haithint sna hainmneacha a tugadh don Chéadaoin, an Déardaoin, agus an Aoine nuair a thuigtear an bhrí leis an bhfocal ‘aoin(e)’, mar atá troscadh a dhéanamh mar ba ghnáth sa traidisiún Caitliceach – le tús throscadh na seachtaine ar an gCéadaoin nó an ‘chéad troscadh’.

I ngéithe áirithe eile feictear tionchar an Chreidimh ar an nGaeilge trí mhiondifríochtaí fhollasacha ar nós an ainm ar leith a bhronntar ar Mháthair Dé. Seachas glacadh le Máire, an aistriúchán ginearálta ar Mary, chruthaigh na Gaeil ainm ar leith don Mhaighdean Bheannaithe, is é sin Muire – rud a léiríonn an grá agus urraim speisialta a tugadh do Mháthair ár dTiarna anseo in Éirinn.

Lena chois sin, tá tionchar buan na Corónach Mhuire le feiceáil i litríocht na Gaeilge agus é fós coitianta údair a fheiceáil ag scríobh an fhrása “Is é an chloch is mó ar an bpaidrín” le tosaíocht a chur in iúl i dtaobh ruda. Tá blúiríní Críostaí le fáil i dtéarmaí áirithe eile – ceann acu sin ná ‘duine le Dia’ a úsáid chun cur síos ar iad siúd le míchumas foghlama nó atá lag san intinn, comhartha tochtmhar ar mheon tuisceanach lách ár sinsear.

Cé nár tagairt Chríostaí atá ann, feictear bunús spioradálta nó osnádúrtha freisin in ainm Ghaelach ár dtír, mar atá Éire. I miotas na gCeilteach ba bhandé a bhí in Ériu (mar a thugtaí uirthi sa tSeanGhaeilge) a sheasann mar shamhailchomhartha ardcheannais toisc insítear gur chosainn sí an tír i bhfochair a deirfiúracha in aghaidh lucht Mílidh Easpáinne a bhí ag déanamh ionradh ar an tír na cianta cairbreacha ó shin.

I litríocht na Gaeilge is minic a thugtaí Fódla ar an dtír chomh maith, óir is ceann de dheifriúracha Ériu í cé a sheas an fód in aghaidh na n-ionróirí. Nach iontach an rud é go bhfuil neamhspleáchas agus flaitheas ár muintire mar dhream ár leith neadaithe inár seanmhiotas, ainm tíre, agus teanga – rud nach dtagann chun solais i dteanga iasachta chóilíneach na nGall a cuireadh i bhfeidhm orainn. Tá neart ainmneacha eile againn don tír sa Ghaeilge – ag léiriú saibhreas agus ilghnéitheacht oidhreacht na teanga – ar nós Inis/Críocha Fáil, An Achadh Airt, Achadh Choinn, agus Cúig Achadh Uisnigh. Gan amhras is seoid náisiúnta í an Ghaeilge nach féidir a luach a mheas, a mhalairt de mhaoin shaolta nach gcothaíonn an anam.

Ag machnamh ar bhunús spioradálta na Gaeilge, an chaoi a choinníonn sí croílár ár bhféiniúlacht agus anam ár muintir, is fiú meabhrú ar an ndlúthcheangal a bhí idir an teanga agus an Caitleachas le linn ansmacht na nGall in Éirinn. Déanadh géarleanúint orthu ar aon i dteannta a chéile chun scriosadh na nGael a chur i gcrích agus deireadh a chur leo mar dhream ar leith.

Gan a bheith sásta le ceannas polaitiúil ar an tír, bhí dúil mhallaithe mharfach ag na Gall impiriúlachas cultúrtha a chur i bhfeidhm trí chinseal teangeolaíoch agus creidimh. Trí na Gael a bhrú chun an Chaitleachais agus na Gaeilge a thréigeadh ba chine cloíte treascartha a bheadh déanta díobh – giollaí uirísle a shéan a dhílseacht do Dhia, dá sinsir, agus dá sáiniúlacht chun a bheith umhal do nósanna na n-ansmachtaithe. Tá an náisiún Gaelach i dtuilleamaí an Chaitleachais agus na Gaeilge – faigh réidh leo agus faightear réidh leis an nGael. 

Faoi scáil dhomhandú an tsaoil agus na fórsaí aonchineálaithe a ghabann leis tá Béarla tagtha chun cinn mar lingua franca na cruinne, agus ní hí an Ghaeilge amháin atá curtha faoi chois ag teanga na Sasanach. Tá mionteangacha dúchasacha iomadúla ar fud an domhain i mbaol léanmhar mar gheall ar an mBéarla (agus teangacha rábacha eile mar an Spáinnis) agus gan stad ar cé mhéid acu atá ag fuarú thar ama. Go deimhin bhí sé sonraithe ag an Na Náisiúin Aontaithe i 2019 go dtéann dhá theanga dhúchasach in éag thart timpeall na cruinne in aghaidh na míosa.

Maidir lenár ngaolta Gaelacha thar sáille, tá Gàidhlig na hAlban gar do bheith ar an dé deiridh agus i dtaobh na Mainninise cailleadh an cainteoir dúchasach deireadh di sa bhliain 1974. Anuas ar sin, i measc fine teanga leathan na gCeiltigh tá an Choirnis imithe i léig cheana féin le blianta fada agus tá an Bhriotáinis i nguais a dhíothuithe mar theanga phobail. Cé go bhfuil cuma níos fearr ar stádas na Breatnaise tá sí fós ina mhionteanga atá faoi bhagairt ardcheannas na Béarla agus inimirce leanúnach. Is ainnis agus truamhéalach iad cúrsaí an lae inniu cultúr na nGael agus na gCeilteach a fheiceáil á creimeadh agus á scriosadh ón saol. 

Má ghoineann sé go chroí an léitheora an Ghaeilge agus ár sainiúlacht a fheiceáil ag dul i léig, tuig gur streachailt thar teorainn atá ann ár muintir agus cultúir a chaomhnú i gcoinne seifteanna trasnáisiúnta urchóideacha atá dírithe ar shochaithe an domhain a chaighdeánú i dtreo an tsráidbhaile dhomhanda. Agus de réir chuile rud atá titithe amach sa domhan le blianta beaga anuas agus fairsingtheacht na héagórtha agus na hurchóide, ba cheart go mbeadh sé follasach do lucht dea-thola go mbhfuilimid i mbun cogaidh spioradálta. Is níl aon chúis níos láidre nó tromchúisí ná sin chun smior na gcnámh a spor sa Ghael i gcóir ár dteanga, soitheach naofa a bheireann anam an náisiúin, a shábháil ón diabhail agus na giollaí mallaithe a oibríonn ar a son. 

Beir misneach óir ba thoil Dé é go mbeadh éagsúlacht teangacha fud fad an domhain. Dearbhaítear seo sa Sean-Tiomna i gcás Thúr Bhaibil agus idirghabháil lámh Dé chun mearbhaill a chur ar chaint na ndaoine, sa chaoi gur thosaídear go léir ag labhairt i dteangacha strainséaracha agus ag scaipeadh thart timpeall na cruinne. Níl sé i nádúr an chine daonna chun a bheith ag maireachtáil trí chúpla teanga tofa na gcumhachtaí geopholaitíochta mar atá ag teacht chun cinn in aimsir an lae innu.

Leagtar síos ag an dlí nádúrtha go gcaithfidh sochaí feidhmiú ar bhun díláithrithe de réir phrionsabal na coimhdeachta, agus leantar as sin go mbeidh éagsúlacht idir sochaithe ar nós an chaoi a ndéantar cumarsáid agus caidreamh i measc an phobail trína gcuid teangacha agus canúintí. Tá sé de dhíth ar Chríostaithe gean agus grá a bheith acu dá mhuintir, agus mar sin cloíonn sé le réasún go mba cheart do hÉireannaigh grá a bheith acu don Ghaeilge mar eiseamláir na nGael.

Ar ndóigh is suáilceas Críostaí é an tírghrá mar atá dearbhaithe ag Naomh Tomás ó Aquino (San Tomás Acain), Dochtúir na hEaglaise iomráití. Mar a shonraigh an Dochtúir sa Summa Theologica cuimsíonn cráifeacht ní hamháin grá dár dtuismitheoirí ach ómós dár dtír agus muintir chomh maith. Go cinnte níl mórán bealaí níos fearr againn sa tír seo chun urraim a thabhairt dár sinsir – na sinsir a d’fhulaing thar cianta ar son an Chreidimh agus ar son na teanga – ná chun na Gaeilge a hathbheochan. 

Mar díol spéise, de réir an chuntais shuimiúil ar stair annalód na hÉireann atá le fáil in Aiceacht na nÉigeas [Auraicept na n-Éces] agus Leabhar Gabhála na hÉireann (saothair liteartha chlúiteacha de chuid na Meánaoise) d’eascair an Ghaeilge ó thitim amach Thúr Bhaibil agus an ilghnéithacht teanga a tháinig chun cinn i measc an phobail. San am anallód sin thriall Fénius Farsaid, rí Scitia de chuid na seanscéalaíochta, ar láthair an Thúir i gcathair Nimrod san Iaráic, lena gharmhac Gaedhel (Goídel) Glas agus buíon scoláirí cúirte. Tar éis obair theangeolaíoch roinnt blianta ag cruinniú agus ag scrúdú plúr na dteangacha, cruthaíodh “an teanga tofa”, is í sin an Ghaeilge! Ní fhios cén fhírinne atá leis an scéal ach bheadh sé go huile oiriúnach dá mbeadh bunús na Gaeilge – atá fite fuaite leis an gCaitleachas – le rianú i dtitim amach eachtra sa Bhíobla Naofa.

Ag glacadh leis seo, feictear go soiléir cé chomh míchuibhiúil agus áiféiseach atá sé do na hainchreidmigh forásacha chun a bheith á gcur féin chun tosaigh mar phríomhoidhrí na teanga. Ní féidir le neach atá faoi bhraighdeanas cruinneshamhail saolta ábharaíche séad fine náisiúnta de bhun spioradálta mar an nGaeilge a thuiscint, a láimheáil, agus a chothú i gceart. Tá meon an liobrálaí chomhaimseartha chomh truaillithe agus mallaithe sin, trí adhradh shámhas na gcéadfaí agus séanadh an oird dhiaga, nach bhfuil sé ar a gcumas ómós a thabhairt do sheoideanna naofa mar ár dteanga ársa.

Ní théann siad i ngleic leis an nGaeilge chun oidhreacht ár sinsear a chaomhnú agus a fhorbairt nó chun anam na tíre a spreagadh; mar a shonraíodh cheanna tógtar an Ghaeilge le hí a shaobhadh ar son na forásachta –  ár bhféiniúlacht stairiúil a scriosadh, dara phlandáil na hÉireann a chur i gcrích trí oll-inimirce, agus sochaí pháganta a thabhairt chun tosaigh. Tá sé de dhualgas ar dhream dea-thola na hÉireann ár dteanga a shábháil ón maslú agus truailliú seo atá dá ndéanamh uirthi agus an smál iarmhartach atá á fhágáil ar anam na tíre. Braitheann athbheochan ár bhféiniúlacht náisiúnta – spiorad na nGael – ar athghabháil agus athnuachan na Gaeilge ar an bhfód seo. Is muid agus oidhreacht ár sinir a bheidh thíos leis má scaoileann muid lénár dteanga.

Mar focal scoir agus ábhar machnaimh is fiú filleadh thar n-ais ar óráid de Valera i leith na Gaeilge agus a croílár spioradálta: 

“As a vehicle of 3,000 years of our history, the language is for us precious beyond measure. As the bearer to us of a philosophy, of an outlook on life deeply Christian and rich in practical wisdom, the language today is worth far too much to dream of letting it go.”

Posted by Eoin Ó Fátharta

11 Comments

  1. Alt an-suimiúl agus an-doimhin. Maith thú! Is iontach a fheiceáil freisin go bhfuil The Burkean ag foilsiú altanna i nGaeilge .

    Reply

  2. Very interesting I’m sure.
    Could we have a translation to English for those of us who spent 14 years having this rammed down our throats and at the end can only say Cead agam dul go di an leatharis? Is maith liom caca millis?

    Reply

    1. Google translate is surprisingly accurate.

      Reply

    2. yeah i remember writing the practice letters in Irish class.
      O hai? Im in the RDS. The sun is splitting the stones.

      Lmao. Someone went to the RDS and wrote a letter in the middle of an event to say they would talk to them monday.
      HOH HOH HOH
      it was as outrageously bullshit worthy as only our people can accomplish.
      12 years plus of gobshite-ery
      and still we cant speak it.
      by the looks of everything else in this kip, im only surprised it didnt cost 4 billion euros being well over budget of the allocated 500 mil.

      Reply

    3. An Buachaill Mór 10/01/2021 at 5:49 am

      So, you didn’t pay attention for 14 years. And now you don’t have a word of Irish except for a few cliché sentences. You are an idiot.

      Reply

  3. Excellent article. Maith thú!

    Reply

  4. An Buachaill Mór 10/01/2021 at 7:09 am

    Náireach an t-alt seo. A leithéid de dhroch-Ghaeilge níor léigh mé le fada.

    The Burkean has really let itself down by publishing this ungrammatical, sub-Leaving-Cert screed.

    Cé go bhfuilid lofa le liobrálachas, má tá dea-Ghaeilge ag teastáil ó dhuine, ba chóir dul go dtí “tuairisc.ie”.

    Reply

    1. Maolsheachlann O Ceallaigh 10/01/2021 at 10:32 pm

      Nach fearr an rud an cuid Gaeile a bhfuil againn a úsáid, fiú muna bhfuil sé foirfe? Is cuma liom nuair nach bhfuil Bearla foirfe a n-úsáid freisin. Sé an teachtaireacht an rud is tabhachtach.

      Bíonn na liobrálach de shior ag magadh fúinn, ós rud nach bhfuil ár teanga ndúchas in úsáid againn.

      Reply

    2. “ungrammatical, sub-Leaving-Cert screed”

      Scríobh Gaeilgoir dúchais an t-alt lol

      The piece is literally written by a native speaker, some of the grammar is off for the fact its a native speaker and closer to bone of spoken Irish.

      Reply

  5. An Buachaill Mór 11/01/2021 at 11:35 pm

    I see the “Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste” contingent are out.

    Approve you incompetence and not skill in language writing when the thing most importantest is on paper putting the big words looking raiding dictionary sloshing around in Gúgal Trainsléat.

    Fearaim fáilte is fiche roimh ailt anseo i nGaeilge. Ach caithfidh said a bheith cruinn, ceart, dea-chumtha.

    Reply

Leave a reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *